Bhí a fhios agam, i soineantacht m’óige an lá sin, go raibh caighdeán maireachtála mo shaoil féin i bhfad níos fearr ná mar a bhí ag mo shinsear. Ní bheadh feidhm ormsa mo chúlra Gaelach a cheilt, ní bheadh orm mo theanga dhúchais a cheilt, nó feidhm domh a dhul ar imirce le slí beatha a dhéanamh. Thug Ó Cléirigh, Mac Piarais, Mac Diarmada, Mac Donnchadha, Ó Conghaile, Ceannt agus Pluincéad an phribhléid sin domhsa agus do ghlúnta eile i mo dhiaidh ar feadh i bhfad.
Ba é seo ré na seascaidí agus na seachtóidí. Tháinig imircí ar ais ’na bhaile mar go raibh fostaíocht ar fáil sna monarchana úra ar an Eastát Tionsclaíochta ar an Screabán. Bhí an scéal amhlaidh sna Gaeltachtaí eile fosta. Bhí borradh agus fuinneamh sa cheantar. Bhí bungalows a dtógáil ó Cheann Mhálainne go Cionn tSáile. Tógadh Amharclann Ghaoth Dobhair i gcroílár na paróiste agus chuir Aisteoirí Ghaoth Dobhair drámaí agus geamaireachtaí ár fáil mar chaitheamh aimsire don phobal. Bhí ár saol roinnte idir scoil, stáitsí amharclainne, ag cleachtadh amhráin agus ceol agus ag dul chuig cluichí peile i Machaire Gathlán. Tháinig an scannán Mise Éire go dtí an phictiúrlann. Bhí ceol an Riadach i mbarr a réime. Bhí mórtas cine á chothú agus á neartú mar go raibh an tsaoirse againn muid féin a chur in iúil mar ba mhian linn gan srian
Ach le gach rabharta tig lag trá. Céad bliain i ndiaidh Éirí Amach na Cásca 1916, cá bhfuil muid mar Éireannaigh? Cá bhfuil muid mar dhaoine Gaeltachta? An bhfuil ár dteanga dhúchais slán? An mbeidh sí á labhairt i gceann céad bliain eile? An miste linn? Cinnte, tá beagán saoirse againn, ach tá sé chondae go fóill faoi sheilbh na Sasana. Ar chomhlíon muid an fís a bhí ag na fir bhreátha sin a rinne an íobairt is mó: a mbeatha á thabhairt le muid a fhuascailt mar Gaeil? Is againne amháin atá an cinneadh sin le déanamh.
Bhí mo chroísa ag pléascadh le brí, go raibh seans againn mar ealaíontóirí ár n-éirí amach féin a bheith againn agus seans, cé gur ó cheantair Ghaeltachta éagsúla muid, a bheith mar aonad amháin, mar spiorad amháin, ar nós guth ón gcré.
Nuair a cuireadh an cheist “Céard ar mhaith leat a chur i láthair le hAisling?”, bhí sé soiléir cé chomh paiseanta is atá muid mar Ghaeil.
Tá mise ag iarraidh an éagóir a dearnú orainn mar thír agus mar Ghaeil a chur in iúl; an méid a chuaigh muid tríd mar dhaoine agus mar bhailte a chur i láthair; an dochar a dearnú dár gcultúr a thaispeáint. Tá mé ag iarraidh é a chur i gcuimhne aríst do dhaoine go bhfuair ár laochra bás dúinne, ar son ár dteanga, ár gceol, ár gcultúr, ár gcuid filíochta agus ár saoirse. Tá mé ag iarraidh go mbeadh cead againn na gnéithe seo a chleachtadh, agus an tábhacht a bhaineann le úsáid a bhaint astu a chur in iúl d’óg agus aosta, le go scaipfidh siad ó ghlúin go glúin.
Tá mé ag iarraidh freisin go bhfaighfidh muid greim ar chroíthe ár lucht féachana, go mbeidh siad bródúil as ár dtaispeántas agus ár gcultúr agus muid ag cur scéal na nGael i láthair le hómas.

Cad atá i ndán dúinn? An mairfidh an teanga i bhfad eile? An bhfuilimid ar aon intinn, mar Ghaeil, maidir leis an ‘Aisling’ amach anseo? An cuma linn cad a tharlóidh? Pléitear na ceisteanna seo trí scéal agus íomhánna éagsúla agus cuirtear i gcuimhne dúinn arís cé chomh saibhir is atáimid lenár gcuid ceoil, ár gcuid filíochta, amhránaíochta, rince, teanga, cruthaitheacht agus is aoibhinn a bheith páirteach sa togra seo chun na ceisteanna céanna sin a chur orm féin sa tslí seo. An bhfuilim ag déanamh mo dhóthain chun an teanga agus nósanna éagsúla na nGael a choimeád beo? An bhfuil ár dtodhchaí sna leabhair staire anois go deo?
Is mór an phribhléid dom an deis seo a fháil a bheith ag obair le ceoltóirí, amhránaithe agus daoine chomh cruthaitheach le Darach agus an criú speisialta seo.
Tá an tír scoilte, ní amháin sin ach tá spiorad na tíre scoilte. Tá sé suas againn féin mar dhaoine ón Ghaeltacht seasacht dár ndúchas; dúchas a tugadh dúinn agus atá le síniú amach againn. Seasann muid amach go cultúrtha sa domhan — tá rud speisialta againn. Caithfidh muid seasacht suas ar shon sin.
Bhí an iascaireacht againn; nuair a d’imigh sin, tháinig na monarchana. Anois tá na monarchana folamh — ní an Ghaeilge a theip orainn, is é an stát a theip ar mhuintir na Gaeltachta. Tá dhá ghlúin imithe, tá neamart déanta sa bhonneagar … ach ní bhrisfear muid. 100 bliain ar aghaidh, is fúinn féin atá sé anois. Seo linn le dóchas, dúchas agus nádúr.
Ardaíonn sé mo chroí a bheith ag obair le healaíontóirí eile, as mo Ghaeltacht fhéin agus as na ceantair Gaeltachta eile, a bhfuil an oiread grá agus paisin acu don chultúr Gaelach; agus a bhfuil fís acu dó chomh maith, agus na buanna chun a smaointe agus a ndearcadh a chur in iúl don phobal. Tá súil agam go spreagfaidh an seó pobal na Gaeilge chun machnamh a dhéanamh ar shaibhreas ár gcultúr, agus an baol atá ann nach mairfidh sé an chéad seo gan iarracht mhór mhillteach uainne.

Chuaigh an dráma i gcionn go mór orm an oíche sin, na dánta agus na hamhráin ag cruthú íomhánna de stair na tíre agus na teangan inár n-aigne, an ceol agus an damhsa ag dúiseacht is ag ardú ár gcroíthe. Seo cur síos cumasach ar an áilleacht atá mar chuid lárnach dár n-oidhreacht agus dár gcultúr atá láidir go fóill i measc na nGael. Is seodra speisialta iad seo a thug an dream a chuaigh romhainn dhúinn, iad sin a throid agus a d’fhulaing chun iad a choinneál beo, mar sin ná lagadh muid na seolta orthu anois, baineadh muid taitneamh as chuile fhocal, dán, amhrán is steip le chéile i gcónaí chun an Aisling a choinneál slán. Is údar bróid agus misnigh an dráma seo agus is onóir mhór dhom a bheith páirteach ann.

Leis an mbrú ós na meáin chumarsáide agus an saol go ginearálta inniubh, bíonn sé deacair cloí le nósanna Gaelacha. Ach is dóigh liom go bhfuil ana-chuid daoine ró-thapaidh chun nósanna agus cultúir Ghallda a ghlacadh chúcha fhéin, mar ba chuma leo, b’fhéidir.
Mar cheoltóir a dh’fhás aníos i Rinn Ua gCuanach, chonaic mé, agus chím níos mó ná riamh anois, an tábhacht a bhaineann lenár gcultúr. Thá gach rud ceangailte; an teanga, an fhilíocht, an scéalaíocht, na hamhráin, an ceol, an rince, nó pé rud é, agus ag rioth trí gach aon cheann acu so thá an meon agus an sprid Gaelach.
Le cúnamh Dé músclóidh an seó daoine chun sprid na nGael a choimeád beo ina gcroíthe féin agus croíthe a gcomharsan nó a gceantair. Éist go cúramach le focail na n-amhrán is na filíochta, lig don gceol do mhothúcháin a mhúscailt, cuimhnigh ar na laochra a chuaigh romhainn. Caithfidh daoine machnamh a dhéanamh ar an dtodhchaí agus gníomhú.
Fé mar a bhíodar ag rá céad bliain ó shin, thá mórán caillte anois nó ar tí a bheith caillte. Thá an saol ag athrú, ní nach ionadh. Ach fúinn fhéin athá sé rudaí a choimeád beo. An ceol, na hamhráin, an teanga, na scéalta agus an seanchas a ghabhann leothu – sin bun is barr mo shaoil fhéin ar aon nós. Caithfidh gach aoinne a gcuid fhéin a dhéanamh.

Ó shin, tá mé ag iarraidh an guth sin a fhreagairt. Amanna, nuair a fhaighim an deis, déanaim é trí cheol, amanna trí aithriseoireacht agus amanna trí dhiabhlaíocht, ach bíonn an focal scríofa lárnach i ngach rud a dhéanaim. Feicim go bhfuil na hacmhainní sa teanga le gach rud a rá agus a rá go fileata agus bainim sult as a bheith ag iarraidh sin a dhéanamh am ar bith ar féidir liom. Mar phobal Gaelach, sílim go bhfuil spiorad ar leith againn; tá intleacht againn, tá ealaín againn agus tá teanga againn. Ní hea trí aithris a dhéanamh ar chultúir eile a mhair na rudaí sin tríd na hathruithe a tháinig ar an tsaol thar na mblianta, ach trí muinín a bheith againn as an tsaibhreas atá inár gcultúr. Ní hea sin le rá nár chóir aithris a dhéanamh, ach gan dearmad a dhéanamh de na croí rudaí — rudaí atá ionainn go léir — tá siad ansin, tá siad beo, tá siad láidir. Tugann siad guth dúinn. Déanaimis iad a cheiliúradh.

Chas mé le daoine nua agus seanchairde Gael. Bhí mé chomh tógtha leis an mbród, meas agus tír-ghrá a bhí ag na daoine seo dár muintir féin agus don Ghaeilge ó cheann ceann na tíre.
Bhuail sé mé ar an dara lá dár gcuid cleachtaí an grá a bhí ag muintir na Gaeltachta dár dteanga dhúchais féin. Thug sé inspioráid dom rud éigin a scríobh, bealach chun daoine a spreagadh — go háirithe an t-aos óg — leis an ngrá sin a thabhairt don chéad ghlúin eile.
Ar an mbealach abhaile ón gcleachtadh ní raibh mé in ann peann a chur le páipéar sách sciobtha. Thosaigh na smaointe le haghaidh ‘Níl Mé Marbh’ ag teacht chugam. Tháinig ceol an amhráin chugam ar dtús, mar is gnách, ach bhí an próiseas seo difriúil ná mar a bhí le haon amhrán eile ar oibrigh mé air go dtí seo. Tháinig na céad cúpla focal chugam trí Ghaeilge agus bhí an ceol an-traidisiúnta, agus difriúil gan dabht i gcomparáid le haon amhrán a scíobh mé riamh cheana.
Is teachtaireacht dhearfach é an t-amhrán faoin nGaeilge, faoinár gcultúr agus ceol fhéin, faoin éifeacht a bhí ag saighdiúirí 1916, go bhfuil muid fós anseo, agus gur fúinn féin atá sé anois Aisling an seachtair a fuair bás a thabhairt ar aghaidh, le go mbeidh sí ina réaltacht céad bliain níos deireanaí.
Is seans iontach a bhí in Aisling? chun bealaí nua a fhoghlaim le amhrán a scríobh, agus foghlaim faoin éifeacht a bhí ag an amhránaíocht agus damhsa ar an sean-nós. Níor thuig mé an tábhacht a bhain leo go dtí seo. Táim an-bhuíoch a bheith páirteach sa seó seo mar gur thug sé eolas dom faoi cé go díreach mé féin.




Bhí gnáthshaol agus stair na Gaeltachta go mór i m’intinn nuair a thosaigh muid ag obair ar Aisling? Dul ar ais go dtí croí na réabhlóide, cé muid fhéin, agus cén meas atá againn ar ár gcultúr. Bhí mé ag iarraidh go mbeadh macalla an cheoil agus na hamhránaíochta fite fuaite leis an siombalachas agus na híomhánna den nGaeltacht atá le feiceáil sa léiriú.
Tá muid ag breathnú chun cinn, ar an bhfís a bhí ag laochra 1916, agus céard a tharla don bhfís sin. Ba mhaith linn ár gcultúr Gaeltachta a chur in iúl ar bhealach fuinniúil, ceolmhar agus físiúil, trí ealaín chomhaimseartha, in onóir na ndaoine a rinne íobairt mhór san Éirí Amach.