Eolas / About

MÓRLÉIRIÚ BHLIAIN NA GAEILGE 2018

Beidh Aisling? – mórléiriú stáitse gradamúil de shaothair nuachoimisiúnaithe ó scoth na n-ealaíontóirí Gaeltachta á léiriú ar fud na tíre an Fómhar seo mar bhuaic ar Bhliain na Gaeilge 2018 agus tús á chur le camchuairt náisiúnta sa Town Hall Theatre i nGaillimh ar an Aoine 31 Lúnasa 2018.

Léirithe agus stiúrtha ag an drámadóir aitheanta Darach Mac Con Iomaire, tugann Aisling? an pobal ar thuras machnamhach ealaíne chun scéal na nGael agus na Gaeltachta a chíoradh go taibhsiúil le ceol, filíocht, damhsa agus na fís-ealaíona.

Curtha i láthair ag Ealaín na Gaeltachta, is léiriú eisiach é Aisling? de shaothair nua-chumtha de chuid mór-ealaíontóirí comhaimseartha na Gaeltachta – idir cheoltóirí, filí, scríbhneoirí, dearc-ealaíontóirí agus cumadóirí, ina measc:

Mairéad Ní Mhaonaigh, Dún na nGall, Amhránaí/Fidil

Seán Ó Flaithearta, Inis Mór, Amharc-ealaíontóir/Dearthóir

Pól Ó Ceannabháin, Conamara, Amhránaí/Cnaguirlisí

Méabh Ní Bheaglaíoch, Corca Dhuibhne, Mileoidean/Amhránaí

Ciarán Ó Maonaigh, Dún na nGall, Fidil/Taibheoir

Johnny Óg Connolly, Conamara, Mileoidean/Cumadóir

Caoimhín Ó Fearghail, An Rinn, Píobaire/Fliúiteadóir/Basúcaí

Eoghan Mac Giolla Bhríde, Dún na nGall, Scríbhneoir/Taibheoir

Róisín Seoighe, Conamara, Amhránaí/Damhsóir

Sorcha Ní Chéide, Conamara, Aisteoir/Damhsóir

Eoin Geoghegan, Conamara, Aisteoir/Taibheoir

Tá níos mó i gceist le Aisling? ná oíche cheoil agus ealaíne áfach – spreagann agus dúisíonn sé spiorad pobail i ngach lucht féachana a fheiceann é trí bheith mar nasc cruthaitheach chuig an ionracas ealaíonta a thug inspioráid do cheannairí físeacha 1916. Mór-thaispeántas cultúrtha é Aisling? a fhanann glan d’aon turas ar ghnáth-leagan amach ceolchoirme stáitse. Ina áit seo, tugann Aisling? cuireadh do phobail na hÉireann nascadh in athuair lena ndúchas, lena n-oidhreacht agus lena bhfuil in ann dúinn mar phobail, le scoth an cheoil agus na healaíne nua-chumtha ó scoth na n-ealaíontóirí Gaeltachta. Tapaigh an deis – ceannaigh do thicéad anois mar beidh tóir orthu…

MUSIC | POETRY | DANCE

Aisling? is a cultural extravaganza of newly commissioned music, song, dance and literature from Ireland’s finest Traditional and Contemporary Artists including

Mairéad Ní Mhaonaigh from Altan, Johnny Óg Connolly from Conemara and Seán Ó Flaithearta from the Aran Islands.

Funded by the Arts Council, Foras na Gaeilge and Creative Ireland, this major new music and literature production embarks on a national tour this Autumn as the highlight event of Bhliain na Gaeilge 2018. This tour begins in Galway’s Town Hall Theatre on Friday 31 August 2018 before transferring to Dublin’s Olympia Theatre and from there to Waterford, Belfast, Derry and Ráth Chairn in Co Meath.

Presented by Ealaín na Gaeltachta and produced and directed by Darach Mac Con Iomaire, Aisling? showcases the best of Gaeltacht artists – musicians, poets, writers, visual artists and composers – to celebrate and reflect on the story of the Gaeltacht over the last 100 years and how pivotal these regions were in shaping the vision of those who stood against imperial rule in 1916.

This major new production features

Mairéad Ní Mhaonaigh, Singer/Fiddle
Seán Ó Flaithearta, Visual Artist/Designer
Pól Ó Ceannabháin, Singer/Percussion
Méabh Ní Bheaglaoich, Melodeon/Singer
Ciarán Ó Maonaigh, Fiddle/Performer
Johnny Óg Connolly, Melodeon/Composer
Sorcha Ní Chéide Actor/ Dancer
Caoimhín Ó Fearghail, Piper/Flautist/Bouzouki
Eoghan Mac Giolla Bhríde, Writer/Performer
Róisín Seoighe, Singer/Dancer
Sorcha Ní Chéide, Dancer
Eoghan Geoghegan, Actor

Aisling? brings audiences on a powerful and evocative journey, tracing through music, poetry and contemporary dance, the story of our Gaeltachtaí and how these culture-rich regions inspired the leaders of the Rising in 1916; their subsequent cultural and economic demise as the newly established state abandoned rural Ireland through the doldrums of the 40’s and 50’s; the emergence of the Gaeltacht Civil Rights Movement in 1969, and then to the present day where much of what was demanded then has been achieved, but the question now is – is this enough, and where do we go from here..?

Don’t miss the opportunity to witness this unique collaboration of Ireland’s finest Traditional and Contemporary Artists.